today-is-a-good-day
Advertisement
Advertisement

-

Seachtain Na Gaeilge 2021 under way

Chief, Executive Pat Dowling, Clare County Council, has welcomed the launch of Seachtain na Gaeilge which will run until St Patrick’s Day.

- Advertisement -

While events are limited by current circumstances, this annual celebration of the Irish language, at home and abroad, is a timely and vital reminder of the significance of our language in shaping our county, our history and our environment, from ancient times to the present day and into the future.

This year, Clare County Council presents a unique online music series specially commissioned for Seachtain na Gaeilge, featuring Laura Mulcahy, Ultan O’Brien and Mattu Noone.

Mulcahy, artist, musician and writer, has just released ‘The Ballad of Lucy Sands’, from the much anticipated film of the same name. O’Brien plays with Slow Moving Clouds, one of Ireland’s finest experimental trad bands, pushing at the boundaries. Noone, a master of the sarode, the 25-string Indian lute, duels with seasoned Bodhrán player Tommy Hayes, all the above bringing an Ghaeilge into this particular mix. Expect surprises.

The resulting sessions will be released onto the Council You Tube channel for Lá Fhéile Padraig.

In addition, the Council will hold an online ciorcal comhrá and has launched Irish language sessions for Council staff.

Further details on the Council website www.clarecoco.ie

Clare County Council Chief Executive Pat Dowling – Photo: Arthur Ellis

Cuireann Pat Dowling, príomhfheidhmeannach Comhairle Contae an Chláir fáilte roimh sheoladh Seachtain na Gaeilge 2021, a bheas ar siúl ó 1 Márta go dtí 17 Márta.

Cé go mbeidh na himeachtaí srianta go leor de bharr na paindéime, cuireann an ceiliúradh seo i gcuimhne go tráthúil dúinn cé chomh tábhachtach is atá ár dteanga náisiúnta, sa bhaile nó thar lear, agus an tionchar atá aici ar ár gcontae, ár stair agus ár dtimpeallacht, ón seansaol go dtí an lá atá inniu ann agus ar aghaidh go dtí an tréimhse atá amach romhainn.

Tá sraith cheoil leithleach á choimisiúnú ag Comhairle Contae an Chláir a bheas ar fáil do mhuintir na tíre ar lá Fhéile Padraig, 17 Márta, ar chainéal You Tube. Beidh Laura Mulcahy, Ultan O’Brien, Mattu Noone agus Tommy Hayes rannpháirteach sa tionscadal seo.   

 Is ealaíontóir, ceoltóir agus scríbhneoir í Laura Mulcahy. Sheol sí an t-amhrán ‘the Ballad of Lucy Sands’ le déanaí, ón scannán leis an ainm céanna a bhfuiltear ag siúl go mór leis. Cruthaíonn sí atmaisféar corraitheach, dúshlánach, dorcha agus dóchasach lena gcuid ceol. 

Seinneann Ultan O’Brien an fhidil le Slow Moving Clouds, grúpa traidisiúnta mór le rá. Rinne sé scannán ‘Secret Life I: magico-duality’ anuraidh, le scéalta ón phaindéim agus tá cd nua seolta aige, ‘Solas an Lae’, lena leath-bhádóir Eoghan Ó Ceannabháin. 

Is togha na gceoltóirí iad Mattu Noone agus Tommy Hayes, agus meascán trialach idir cheol na hIndia agus cheol na hÉireann á fhorbairt acu. Chuir Mattu cd nua amach anuraidh, ‘the other side of knowing’. Seineann Maatu an Sarode, liúit na hIndia le 25 théad.

Beidh na ceoltóirí ag taifeadh seisiúin go fíorúil do Sheachtain na Gaeilge agus beidh na torthaí le feiceáil agus le cloisteáil ar an gcainéal youtube den gcomhairle contae, ar lá fheile Padraig.

Beidh an Ghaeilge mar ábhar inspioráid.

Bí ag súil le hábhar iontais.

Chomh maith leis na seisiúin sin beidh ciorcal comhrá ar siúl laistigh den gcomhairle agus cuirfear tús le sraith leanúnach ranganna gaeilge d’fhoireann oibre na comhairle.

Tuilleadh eolais ar an suíomh idirlín; www.clarecoco.ie nó seol teachtaireacht chuig gaeilge@clarecoco.ie.

- Advertisement -

Recent Posts

- Advertisement -
Advertisement
Advertisement