Clare County Council and An Clár as Gaeilge today launched the Inis Dom campaign, an initiative aimed at increasing the visibility and use of the Irish language in the retail and service sectors of Ennis town.
Clare has the second-highest proportion of Irish speakers of any county in the State at 47%. Aiming to capitalise on this, the Inis Dom initiative encourages businesses to use Irish in customer service, signage, menus, websites and social media, with support provided through assistance with funding, translation services, training and promotional resources.
Speaking at the launch, Paul Flanagan, former All-Ireland winning Clare hurler and campaign ambassador, said, “Irish is part of our identity in Clare. It’s great to see local businesses embracing the language and making it part of everyday life. Inis Dom is a brilliant way to bring Irish into the community in a practical and positive way.”
Emer O’Flaherty, singer, composer and musician and fellow ambassador, added, “Language and culture go hand in hand. I’m delighted to support Inis Dom because it creates a space where Irish is visible, heard, and celebrated. It’s about making the language accessible and enjoyable for everyone.”
The campaign aims to highlight the economic and cultural benefits of integrating Irish into business. Inis Dom is supported by Foras na Gaeilge under the Business Support Scheme, which provides funding for bilingual signage and resources to help businesses engage with the Irish language. The initiative is also supported by Glór na nGael, Ennis Chamber, Ennis 2040 and Clare’s Local Enterprise Office.
Ruairí Henchy, Irish Language Development Officer/Communications Officer, Clare County Council, said, “The campaign’s motto is: ‘Frásaí Beaga, Tionchar Mór – Small Phrases, Big Impact’, and aims to take Irish off the pages of books and into the streets and businesses of Ennis and beyond. Shoppers are encouraged to start with: “Dia duit – Hello” and to watch out for the Inis Dom! badge and sticker when shopping in Ennis.”
Leah Ní Thailtigh, Language Planning Officer, An Clár as Gaeilge, added, “Inis Dom builds on Ennis’s status as an Irish Language Network by making Irish more visible and usable in everyday business. This campaign gives local enterprises the tools and support to bring the language to life in practical ways.”
Participation in the initiative is free, and businesses receive tailored support to help them incorporate Irish in their operations. To join the scheme and receive support for your business contact: anclarasgaeilge@gmail.com

Sheol Comhairle Contae an Chláir agus An Clár as Gaeilge an feachtas pobail Inis Dom inniu (Dé Sathairn, an 27 Meán Fómhair), a bhfuil sé mar aidhm aige úsáid agus infheictheacht na Gaeilge a mhéadú i siopaí agus gnólachtaí seirbhíse bhaile Inse.
Tá an dara céatadán is airde de chainteoirí Gaeilge sa stát ar an gClár – 47%. Chuige seo, tá an tionscnamh Inis Dom ag iarraidh gnólachtaí áitiúla a spreagadh chun an Ghaeilge a úsáid i seirbhís do chustaiméirí, comharthaíocht, biachláir, suíomhanna gréasáin agus meáin shóisialta. Cuirtear tacaíocht ar fáil trí chabhair a chur ar fáil le maoiniú a fháil agus trí sheirbhísí aistriúcháin, oiliúint agus ábhair bolscaireachta a chur ar fáil.
Ag labhairt dó ag an seoladh, dúirt Paul Flanagan, iar-imreoir iomána Chontae an Chláir le bonn uile-Éireann agus ambasadóir an fheachtais, “Tá an Ghaeilge mar chuid dár bhféiniúlacht anseo ar an gClár. Is iontach an rud é gnólachtaí áitiúla a fheiceáil agus iad ag glacadh leis an teanga agus á tabhairt isteach sa saol laethúil. Is bealach praiticiúil agus dearfach é Inis Dom chun an Ghaeilge a thabhairt ar ais go croílár an phobail.”
Dúirt Emer O’Flaherty, amhránaí, cumadóir agus ceoltóir, agus comhambasadóir, “Tá teanga agus cultúr fite fuaite ina chéile. Tá áthas orm tacú le Inis Dom mar go gcruthaíonn sé spás ina bhfuil an Ghaeilge le feiceáil, le cloisteáil agus le ceiliúradh. Is faoin teanga a dhéanamh inrochtana agus taitneamhach do chách atá sé.”
Tá sé mar aidhm leis an tionscnamh aird a tharraingt ar na buntáistí cultúrtha agus eacnamaíochta a bhaineann le húsáid na Gaeilge sa ghnó. Tá Inis Dom ag fáil tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge faoin Scéim Tacaíochta Gnó, a chuireann maoiniú ar fáil do chomharthaíocht dhátheangach agus d’acmhainní chun cabhrú le gnólachtaí an Ghaeilge a úsáid. Tá an tionscadal ag fáil tacaíocht ó Ghlór na nGael, ó Chomhlachas Tráchtála Inse, ó Ennis 2040 agus ó Oifig Fiontair Áitiúil an Chláir chomh maith.
Dúirt Ruairí Henchy, Oifigeach Forbartha Gaeilge/Oifigeach Cumarsáide, Comhairle Contae an Chláir, “Is é mana an fheachtais ná: ‘Frásaí Beaga, Tionchar Mór – Small Phrases, Big Impact’, agus tá sé mar aidhm aici an Ghaeilge a bhaint ó chló na leabhar go béal an phobail in Inis agus níos faide i gcéin. Moltar do siopadóirí tosú le: “Dia duit – Hello” agus a bheith ag faire amach don bhiorán agus don ghreamán Inis Dom! agus iad ag siopadóireacht in Inis.”
Dúirt Leah Ní Thailtigh, Oifigeach Pleanála Teanga, An Clár as Gaeilge, “Tá Inis Dom ag tógáil ar stádas bhaile Inse mar Líonra Gaeilge trí Ghaeilge a dhéanamh níos feiceálaí agus níos inúsáidte sa ghnó laethúil. Tugann an feachtas seo na huirlisí agus an tacaíocht do ghnólachtaí áitiúla an teanga a thabhairt chun beatha ar bhealaí praiticiúla.”
Tá sé saor in aisce do ghnólachtaí a bheith páirteach, agus cuirtear tacaíocht phearsantaithe ar fáil chun cabhrú leo an Ghaeilge a chur i bhfeidhm ina gcuid oibríochtaí. Chun páirt a ghlacadh sa tionscnamh agus tacaíocht a fháil do do ghnó, déan teagmháil le: anclarasgaeilge@gmail.com