An tOireachtas, in conjunction with Oíche Chultúir, is calling for small grant applications for Irish-medium events outside of Gaeltacht regions on Oíche Chultúir 2025.
Returning for the twentieth year, Oíche Chultúir will be held on Friday, 19 September 2025.
An tOireachtas is seeking applications regarding, but not limited to, the following themes : Irish-medium Performing Arts; Dance; Literature; Heritage; Music; Visual Arts; Crafts; Talk; Tour; Film. Deadline for applications is Thursday, 12th of June 2025.
Our aim is to facilitate Irish Language networks across the island by providing a support package for groups organising events in Irish outside of Gaeltacht regions during Oíche Chultúir. The support package includes: a small grant (maximum of €250, although a case may be submitted for a greater sum in exceptional circumstances); and publicity on social media as well as in local, regional and national media.
“Culture Night offers a unique opportunity for Irish-medium arts and cultural events to be showcased to all those living on this island”, said Máirín Nic Dhonnchadha, CEO of An tOireachtas. “We’re looking forward to receiving applications which demonstrate the multiplicity and diversity of the Irish artistic landscape across the country on this special night, from those who hope to seize the opportunity of this national occasion to organise special performances and various other creative, imaginative events. An tOireachtas welcomes applications for grants to assist Irish-medium events on Culture Night again this year.”
Registration forms and all details are available on the An tOireachtas website at www.antoireachtas.ie.
Tá An tOireachtas, i gcomhpháirt le hOíche Chultúir, anois ag glacadh le hiarratais d’imeachtaí Gaeilge ar Oíche Chultúir 2025.
Ag filleadh don fichiú bliain, tionólfar Oíche Chultúir Dé hAoine, 19 Meán Fómhair 2025.
Fáiltíonn An tOireachtas roimh iarratais ar na téamaí seo a leanas ach níltear ag cur ealaíona eile as an áireamh ach oiread: Na Taibhealaíona Teangabhunaithe; Damhsa; Ceol; Na hAmharcealaíona; Ceardaíocht; Litríocht; Dioscúrsa; Turas; Oidhreacht & Scannán. Is é Déardaoin, 12 Meitheamh 2025, an spriocdháta d’iarratais.
Is í an aidhm atá ag An tOireachtas ná freastal ar ghréasáin úsáidte Gaeilge timpeall na tíre trí phacáiste tacaíochta a chur ar fáil do ghrúpaí atá lonnaithe taobh amuigh de cheantair Ghaeltachta chun iad a spreagadh le himeacht a reáchtáil trí Ghaeilge ar Oíche Chultúir. Cuimsíonn an pacáiste tacaíochta na nithe seo a leanas: deontas (uasmhéid €250, ach féadfar cás a dhéanamh d’ócáidí eisceachtúla); agus poiblíocht ar na meáin shóisialta, náisiúnta agus áitiúla.
“Deis ar leith is ea Oíche Chultúir chun ealaíona agus cultúr na Gaeilge a bheith feicthe ina measc siúd uile a chónaíonn ar an oileán seo”, a dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Ceannasaí an Oireachtais. “Táimid ag tnúth le hiarratais a fháil a léireoidh ildánacht agus ilchineálacht na bpobal Gaeilge ar fud an oileáin ar an oíche speisialta seo agus a bhainfidh leas as an gceiliúradh náisiúnta a bheith ar siúl chun taispeántais, taibhléirithe agus ócáidí cruthaitheacha, samhlaíocha, a reáchtáil. Fáiltímid anois roimh iarratais ar mhaoiniú chun éispéiris trí Ghaeilge a chur ar fáil i mbliana.”
Is féidir an fhoirm iarratais agus gach eolas eile a fháil ar láithreán gréasáin an Oireachtais, www.antoireachtas.ie