Advertisement
Advertisement

-

€10m in funding for independent TV & Radio sector

Coimisiún na Meán has confirmed the awarding of over €10.1m of funding under the latest round of the Sound & Vision Scheme.

Round 53 will fund the production of 91 projects across TV and radio by independent producers and broadcasters around the country, including new projects for County Clare.

95% of total funding as part of Round 53 has been provided to independent producers and 30% of all funding going to projects in the Irish language or bilingual.

- Advertisement -

Rónán Ó Domhnaill, Media Development Commissioner at Coimisiún na Meán said ‘’The Sound & Vision Scheme has gone from strength to strength, continuing to fund programming for Irish audiences, with a focus on Irish culture, heritage and experience. We are delighted to announce that Round 53 is the largest single round in Sound & Vision history, with over €10.1 million allocated to 91 new projects across TV and radio including animation, drama, documentary, entertainment and educational programming. Sound & Vision remains a vital funding source for broadcasters and independent producers, enabling them to create programming for audiences that would otherwise not get made.

‘’Funding from Round 53 will contribute to An Coimisiún’s ambition of developing a thriving media landscape for Ireland that reflects the diversity of our people and traditions. Of the 35 television productions funded, 80% feature women as producers and 54% have women as directors. I would also like to thank Minister Catherine Martin for the allocation of an additional €2 million in funding for children and young people’s programming, which recognises the important role of children as creators and consumers in Ireland’s media landscape. We look forward to seeing and hearing the projects funded under this Sound & Vision round on our screens and on our airwaves.’’

Projects of particular interest to listeners in County Clare include:

The Village Tour – Clare FM

Ar an Lá Seo – Clare FM

True Colours – Clare FM

Beauty or Beast – Clare FM

112 – Clare FM

Round 53 will support the production of 35 projects for television, totalling €9 million and 56 radio projects, totalling over €1.1 million. 175 applications requesting over €21 million were submitted for consideration under Round 53 of the Sound & Vision Scheme and just over €10.1 million of funding awarded.

Approximately 30% of the recommended funding (over €3 million) will support the production of Irish/Bilingual projects, and 95% of the funding (over €9.6 million) goes directly to the independent production sector.

Round 53 consists of funding from the television licence fee, and funding of €2 million secured by Catherine Martin TD, Minister for Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport, and Media, with 13 projects across television and radio being allocated funding for programming focused on children and young people.

D’fhógair Coimisiún na Meán inniu go bhfuil sé le breis agus €10.1 milliún de mhaoiniú a bhronnadh faoin mbabhta is déanaí den scéim Fuaim & Fís.

Mar chuid de Bhabhta 53 déanfar maoiniú ar an léiriú de 91 tionscadal don teilifís agus don raidió le léiritheoirí agus craoltóirí neamhspleácha ar fud fad na tíre lena n-áirítear tionscadail nua do Chontae an Chláir.

Rinneadh 95% den mhaoiniú atá mar chuid de Bhabhta 53 a chur ar fáil do léiritheoirí neamhspleácha agus tá 30% den mhaoiniú ar fad ag dul chuig tionscadail i nGaeilge nó chuig tionscadail dhátheangacha.

Dúirt Rónán Ó Domhnaill, Coimisinéir Forbartha na Meán ag Coimisiún na Meán: “Tá an scéim Fuaim & Fís i ndiaidh dul ó neart go neart, agus é ag leanúint de bheith ag maoiniú clár do lucht féachana agus do lucht éisteachta na hÉireann, agus béim á cur ar chultúr, oidhreacht agus taithí na hÉireann. Tá luachair orainn a fhógairt gurb é Babhta 53 an babhta aonair is mó riamh i stair na scéime Fuaim & Fís, agus breis agus €10.1 milliún leithdháilte ar 91 tionscadal nua don teilifís agus don raidió, lena n-áirítear beochan, drámaíocht, cláir faisnéise, siamsaíocht agus cláir oideachasúla. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil freisin leis an Aire Catherine Martin as an leithdháileadh de €2 mhilliún de mhaoiniú breise le haghaidh clár do pháistí agus daoine óga, lena dtugtar aitheantas don ról tábhachtach atá ag páistí mar chruthaitheoirí agus mar thomhaltóirí i dtírdhreach na meán in Éirinn. Tá Fuaim & Fís fós mar fhoinse mhaoinithe ríthábhachtach le haghaidh craoltóirí agus léiritheoirí neamhspleácha, agus cuireann an scéim ar a gcumas cláir a chruthú do lucht féachana agus éisteachta, cláir nach mbeadh ann murach í.

“Cuirfidh an maoiniú ó Bhabhta 53 le mian Choimisiún na Meán tírdhreach bisiúil a fhorbairt do na meáin in Éirinn a léiríonn ilchineálacht ár muintire agus ár dtraidisiún. As na 35 léiriúchán teilifíse arna maoiniú, tá mná mar léiritheoirí in 80% acu agus tá mná mar stiúrthóirí in 54% acu. Tá muid ag súil go mór leis na tionscadail a fuair maoiniú faoin mbabhta seo den scéim Fuaim & Fís a fheiceáil agus a chloisteáil ar ár scáileáin agus ar ár n-aerthonnta.”

I measc na dtionscadal a d’fhéadfadh suim ar leith a bheith ag éisteoirí i gContae an Chláir iontu tá:

The Village Tour – Clare FM

Ar an Lá Seo – Clare FM

True Colours – Clare FM

Beauty or Beast – Clare FM

112 – Clare FM

Tacóidh Babhta 53 le 35 tionscadal a léiriú don teilifís, €9 milliún san iomlán, agus le 56 tionscadal raidió, €1.1 milliún san iomlán. Cuireadh isteach 175 iarratas faoi Bhabhta 53 den scéim Fuaim & Fís le measúnú a dhéanamh orthu, ag lorg os cionn €21 milliún, agus rinneadh beagán os cionn €10.1 milliún de mhaoiniú a bhronnadh.

Tacóidh beagnach 30% den mhaoiniú molta (breis agus €3 mhilliún) le léiriú tograí i nGaeilge nó tograí dátheangacha, agus téann 95% den mhaoiniú (€9.6 milliún) díreach chuig an earnáil léiriúcháin neamhspleách.

Tá Babhta 53 comhdhéanta de mhaoiniú ó tháille an cheadúnais teilifíse agus €2 mhilliún de mhaoiniú arna urrú ag Catherine Martin TD, an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, agus maoiniú á leithdháileadh ar 13 thionscadal don teilifís agus don raidió le haghaidh clár a dhíríonn ar pháistí agus ar dhaoine óga.

- Advertisement -

Recent Posts

- Advertisement -
Advertisement
Advertisement