Advertisement
Advertisement

-

Former Clare FM broadcaster appointed Managing Editor of RTÉ Nuacht

RTÉ News has confirmed the appointment of for Clare FM broadcaster Joe Mag Raollaigh as the new Managing Editor of Nuacht, the Irish Language News and Current Affairs service across RTÉ and for TG4.

As Ireland’s national public service media organisation, RTÉ News and Current Affairs works in partnership with TG4 in the production of  Nuacht TG4 and 7 Lá, in line with its overall provision of independent and trusted news and current affairs content across multiple platforms.

A fluent Irish speaker, Joe will have editorial and managerial responsibility for all  Nuacht RTÉ, Nuacht TG4 television output, and digital news content in Irish on RTÉ News platforms.

- Advertisement -

Joe originally began television reporting for TG4 after it was set up in 1996. Prior to that, Joe worked with Clare FM Radio between 1993 and 1995.

In 2004 he was appointed Political Correspondent for TG4 and Nuacht RTÉ.

Currently RTÉ Political Coverage Editor, Joe has previously held the role of Agriculture and Consumer Affairs Correspondent and edited RTÉ’s flagship political programme The Week in Politics, as well as RTÉ’s Leaders Questions and European Parliament Report programmes.  He worked with RTÉ News across radio, television and online since 2008 during which he continued to contribute Irish language reports for Nuacht TG4 and occasionally presented a current affairs programme on RTÉ Radio na Gaeltachta.

Joe Mag Raollaigh said: “I am very honoured to be appointed to lead and enhance of all our Nuacht output on RTÉ and for TG4. I aim to ensure that Irish speakers everywhere are served by the highest quality, impartial and fair reporting, so they are well informed to make their own judgements about the issues that shape all our lives.  In doing this I will be leading a team of very experienced and highly regarded journalists and production staff whose knowledge and understanding of issues is second to none.  Breaking stories, building audiences and making Nuacht more accessible will be my priorities as I take on this important role.”

Joe hails from Oranmore in Co. Galway.  He was born in Boston, where his parents had emigrated in the 1960s, but the family returned in the early 70s and settled once again in Co. Galway. He has a BA, a Higher Diploma in Applied Communications and a Masters Degree in Modern Irish.  He has completed a number of Management and Leadership courses with the Irish Management Institute, UCD  Professional Academy, and has 30 years experience working with RTÉ.

Joe will take up his new post in August.

Tá ríméad ar Nuacht RTÉ a fhógairt go bhfuil Joe Mag Raollaigh ceaptha ina Eagarthóir Bainistíochta nua ar Nuacht, an tseirbhís Nuachta agus Cúrsaí Reatha Gaeilge a chuirtear ar fáil ar fud RTÉ agus do TG4.

Mar an eagraíocht náisiúnta meán seirbhíse poiblí in Éirinn, oibríonn Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ i gcomhpháirtíocht le TG4 chun Nuacht TG4 agus 7 Lá a léiriú, i gcomhréir leis an soláthar nuachta agus cúrsaí reatha ilardáin atá neamhspleách agus iontaofa a chuirimid ar fáil.

Beidh freagracht eagarthóireachta agus bhainistíochta ar Joe, ar cainteoir líofa Gaeilge é, as gach aschur teilifíse ar Nuacht RTÉ, Nuacht TG4  agus as an ábhar nuachta digiteach i nGaeilge ar ardáin Nuacht RTÉ.

Thosaigh Joe ag tuairisciú ar an teilifís do TG4 nuair a bunaíodh an stáisiún ar dtús in 1996. Ceapadh ina Chomhfhreagraí Polaitíochta ina dhiaidh sin é do TG4 agus do Nuacht RTÉ in 2004.

Is é Joe an tEagarthóir faoi láthair ar Chlúdach Polaitíochta RTÉ, agus bhí sé ina Chomhfhreagraí Talmhaíochta agus Gnóthaí Tomhaltóirí roimhe seo.  Tá eagarthóireacht déanta aige ar phríomhchlár polaitíochta RTÉ, The Week in Politics, agus ar chláir Leaders Questions agus European Parliament Report RTÉ.

Tá sé ag obair le Nuacht RTÉ ar an raidió, ar an teilifís agus ar líne ó 2008 agus d’fhan sé ag cur tuairiscí Gaeilge ar fáil do Nuacht TG4 le linn na tréimhse sin chomh maith le clár cúrsaí reatha a chur i láthair in amanna ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Dúirt Joe Mag Raollaigh: “Is mór an onóir dom a bheith ceaptha chun ceannaireacht a thabhairt ar gach aschur de chuid Nuacht ar RTÉ agus ar TG4 agus an t-aschur sin a fheabhsú. Beidh sé mar sprioc agam a chinntiú go gcuirfear an tuairiscíocht neamhchlaonta, chothrom ar an gcaighdeán is airde ar fáil do chainteoirí Gaeilge, ionas go mbeidh an t-eolas ceart acu lena mbreithiúnas féin a thabhairt ar na saincheisteanna sin a mbíonn tionchar acu ar gach duine againn.

Agus mé i mbun na hoibre sin, beidh mé i gceannas ar fhoireann iriseoirí agus léirithe, foireann a bhfuil ardtaithí aici agus a bhfuil ardmheas uirthi, nach bhfuil a sárú le fáil maidir leis an eolas agus an tuiscint atá acu ar chúrsaí nuachta.  Is iad na tosaíochtaí a bheidh agam agus mé ag glacadh leis an ról tábhachtach seo na scéalta móra a bhriseadh ar dtús, an lucht féachana a fhorbairt agus Nuacht a dhéanamh níos inrochtana.”

Is as Órán Mór i gCo. na Gaillimhe Joe.  Rugadh i mBostún é, áit a ndeachaigh a chuid tuismitheoirí ar imirce sna 1960idí. D’fhill an teaghlach ag tús na 70idí agus chuir siad fúthu arís i gCo. na Gaillimhe. Tá BA, Ard-Dioplóma sa Chumarsáid Fheidhmeach agus Céim Mháistreachta aige sa Nua-Ghaeilge.  Tá cúrsaí éagsúla Bainistíochta agus Ceannaireachta curtha i gcrích aige le Foras Bainistíochta na hÉireann, Acadamh Gairmiúil UCD, agus tá taithí 30 bliain aige ag obair le RTÉ.

Cuirfidh Joe tús lena ról nua i mí Lúnasa.

- Advertisement -

Recent Posts

- Advertisement -
Advertisement
Advertisement