today-is-a-good-day
Advertisement
Advertisement

-

Éigse Thomáis Uí Aodha takes place this weekend

The fifth annual Irish-language festival, Éigse Thomáis Uí Aodha, will be held by Oidhreacht an Chláir in Miltown Malbay on October 6th to 7th.

It is in memory of Tomás Ó hAodha (1866-1935), a major literary and cultural figure at the time of the Gaelic renaissance and a native of Miltown.

On Friday, October 6 at 8.00pm in Áras OaC (Flag Rd), Dr Críostóir Mac Cárthaigh will give a lecture entitled, Ag Taifeadadh Scéalaíochta agus Seanchais in Iarthar an Chláir, 1950.  (Recording Storytelling and Folklore in West Clare in 1950).

- Advertisement -

Dr Mac Cárhaigh, a native of West Clare, is the recently retired Director of the National Folklore Collection, and has published and lectured extensively on various aspects of folklore,  including boats and fishing.

There will also be an exhibition of the personal archive of Tomás Ó hAodha, donated to Oidhreacht an Chláir by his family.

On Saturday, October 7 from 10.30am to 12.00 noon, also in Áras OaC, there will be a Ceardlann Amhránaíochta (Singing Workshop) by MacDara Ó Conaola from Inis Oírr, an internationally known traditional singer, a language consultant and formerly the Language Planning Officer for the Ennis Irish Language Network project.

From 12.15pm to 1.00pm, there will be a visit to the Main St house where Tomás Ó hAodha was born and the Ennis Rd house where he later lived till he moved to Dublin.

From 3.00pm to 5.30pm, there will be Ceol agus Caint in Friel’s bar, featuring

A Pop-Up Gaeltacht as an opportunity for people to use their Irish

Songs by MacDara Ó Conaola and Tim Dennehy

Music with Eithne Ní Dhonghaile (harp), John Canny (accordion) and John Weir (fiddle).

*All events are free.  Fáilte roimh chách.  urther information from 085-1611443 or from eolas@oac.ie.

The Éigse is funded by grants from Foras na Gaeilge and from Clare Co. Council under its Community Supports Scheme.

Beidh an cúigiú féile Ghaeilge bhliantúil, Éigse Thomáis Uí Aodha, á reachtáil ag Oidhreacht an Chláir i Sráid na Cathrach ar 6-7 Deireadh Fómhair, i gcuimhne ar Thomás Ó hAodha (1866-1935), duine de mhórphearsain liteartha agus chultúrtha Athbheochan na Gaeilge ag tús an 20ú céad agus arb as Sráid na Cathrach dó.

Dé hAoine, 6 Deireadh Fómhair ag 8.00pm in Áras OaC (Bóthar na Leac), tabharfaidh an Dr Críostóir Mac Cárthaigh léacht, Ag Taifeadadh Scéalaíochta agus Seanchais in Iarthar an Chláir, 1950.

Is iar-Stiúrthóir Chnuasach Bhéaloideas Éireann é an Dr Mac Cárthaigh, arb as an gceantar seo dó féin.  Tá go leor foilsithe agus curtha i láthair aige ar ghnéithe éagsúla den mbéaloideas, báid agus iascaireacht ina measc.

Beidh taispeántas speisialta de chartlann phearsanta Thomáis Uí Aodha, a dheonaigh a mhuintir féin d’Oidhreacht an Chláir, ansin freisin.

Dé Sathairn, 7 Deireadh Fómhair ó 10.30am go 12.00 meánlae in Áras OaC, beidh Ceardlann Amhránaíochta le MacDara Ó Conaola ó Inis Oírr. Is amhránaí den scoth é MacDara, comhairleoir teanga agus Iar-Oifigeach Pleanála Teanga leis an togra Inis, Baile Líonra Gaeilge.

Ó 12.15pm go 1.00pm, tabharfar cuairt ar an teach sa bPríomh-Shráid inar rugadh Tomás Ó hAodha agus ar an teach i mBóthar na hInse ina raibh cónaí air ina dhiaidh sin go dtí gur bhog sé go Baile Átha Cliath.

Ó 3.00pm go 5.30pm, beidh Ceol agus Caint i dteach tábhairne Friel’s, ina mbeidh

Pop-up Gaeltacht, le seans a thabhairt do dhaoine a gcuid Gaeilge a chleachtadh

Amhráin le MacDara Ó Conaola agus Tim Dennehy

Ceol le Eithne Ní Dhonghaile (cruit), John Canny (bosca ceoil) agus John Weir (fidil).

*Tá saorchead isteach chuig na himeachtaí go léir.  Fáilte roimh chách. Tuilleadh eolais ó  085-1611443 nó ó eolas@oac.ie.

Tá an Éigse á maoiniú le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge agus ó Chomhairle Contae an Chláir (faoina Scéim Tacaíochta Pobail).

 

 

- Advertisement -

Recent Posts

- Advertisement -
Advertisement
Advertisement