Advertisement
Advertisement

-

Garda Recruitment Competition 2025 goes live

The latest Garda recruitment competition has opened today (6 February 2025) and will run until 3pm on Thursday 27 February, 2025.

The competition will be operated by the Public Appointments Service on behalf of An Garda Síochána. Candidates can apply at www.publicjobs.ie.

Prospective candidates are being urged to consider the benefits that come with a career in An Garda Síochána. Garda Trainees graduate with a Level 7 Bachelor of Arts Degree in Applied Policing accredited by the University of Limerick, while being paid €354 per week for the 36 weeks of training. Food and accommodation is provided free while resident in the Garda College.

- Advertisement -

Garda Trainees attest after 36 weeks and start on a salary of €37,311 which rises incrementally. Garda Trainees will be assigned to work the core shift roster (12 hours) which attracts additional allowances, and will have the opportunity to work on overtime.

Commissioner Drew Harris described a career with An Garda Síochána as “exciting, challenging and rewarding, and where no two days look the same.” The Commissioner urged those considering a career in An Garda Síochána to examine all the role offers, from remuneration and associated benefits, to the incredible variety that comes with the role.

The Commissioner said: “Those who are successful in this recruitment round will have the opportunity to work in areas such as investigating organised crime, domestic violence, public order, fraud, drugs offences, community policing and roads policing – to name but a few.

“In their day-to-day work Gardaí operate on the frontline fighting crime, supporting victims and witnesses, and working in partnership with communities. They make a positive, tangible difference in the lives of citizens.

“We support lifelong learning in An Garda Síochána and there’s always room for advancement within the organisation and opportunities for promotion or specialisation.

“It is extremely important that we are fully representative of the people we serve. This recruitment campaign provides an opportunity to draw in more applicants from a wider variety of backgrounds. I want to appeal particularly to underrepresented communities and also to women to consider joining An Garda Síochána: we are a good employer, and we offer really worthwhile work. Ensuring An Garda Síochána is comprised of members from a variety of backgrounds means different viewpoints and experiences are being brought to the table.”

Interested applicants have just three weeks to apply.

Click here for more information and to submit your application.

File Photo

Those interested in pursuing a career with An Garda Síochána should consider the below additional benefits to the basic salary:

  • The Foundation Training Programme that all trainees undergo incorporates a Level 7 Bachelor of Arts Degree in Applied Policing, accredited by the University of Limerick.
  • Garda Trainees will receive an allowance of €354 per week for the 36 weeks of training.
  • Accommodation and food is provided while resident in the Garda College from Sunday to Friday.
  • Starting salary is €37,311 and this rises incrementally.
  • Garda Trainees will be assigned to work the core shift roster (12 hours) which attracts additional allowances.
  • Gardaí will have the opportunity to work on overtime which is paid at a rate of time and a half, unless working on a Sunday/public holiday which is paid at double time.
  • The Fast Accrual (Uniformed) Members Pension Scheme allows members to build up pension benefits at a higher rate each year.
  • Flexible working options available throughout career.
  • Access to the Doctors of Choice GP scheme (GP consultation fee is covered by An Garda Síochána).
  • Access to the Medical Aid Scheme.
  • Access to numerous Garda societies and clubs.
  • Access to Garda Credit Unions.

To promote the recruitment competition, a €375,000 (excl. VAT) promotional campaign, under the tag line of “It’s a Job Worth Doing” will go live across television, national and local print and radio, online, social media, outdoor and cinema, from today, 6 February. The media and creative for the advertising campaign was produced by Core and Spark Foundry in conjunction with H2 films in 2023.

Since Garda recruitment recommenced, and the first Garda Trainees entered the Garda College in December 2022, nearly 1,500 Garda Trainees have commenced training. Almost 1,000 Garda Trainees have been attested as members of An Garda Síochána, and almost 450 Garda Trainees are currently in training.

The next intake of Garda Trainees will be attested on 7 March 2025, with a fresh intake of Garda Trainees entering the Garda College on the 10 March 2025.

Gardaí Trainees on why they joined An Garda Síochána

Speaking about why she wants to be a Garda, Megan Thynne says it’s “because I enjoy helping others, it’s a really rewarding job.” She also believes the job has a good social aspect “You meet lots of different people from lots of different walks of life, she says.”I’m from a very sporting background, so very heavily involved in teamwork and I so believe this job is very team work orientated.”

William Connaughton is a former firefighter and worked with An Garda Síochána when out on the many calls he was involved in. When the age limit to join increased, he saw it as a great opportunity. “I got massive life experience from the fire service”, he said, “and I’m hoping to apply the experience I got from that to An Garda Síochána. I look forward to being able to apply all the things I learned in the fire service and help my teammates and colleagues out along the way”.

Having returned from living abroad after school, Craig O’Neill applied to be a Garda. He says that joining An Garda Síochána is something he always wanted to do. “I wanted the job for a bit of variety and didn’t think an office job would be for me”.

Jane Blake worked with the Defence Forces for the last seven years, serving for a period in Lebanon. Speaking about the work of a Garda, she says, “I find this job very rewarding and challenging.”

Student Gardaí attending a major incident exercise at the University of Limerick last year

Tá comórtas earcaíochta na nGardaí is déanaí oscailte inniu agus beidh sé ar siúl go dtí 3pm Déardaoin 27 Feabhra, 2025.

Is í an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí a bheidh i mbun an comórtas a chur ar siúl thar ceann an Gharda Síochána. Is féidir le hiarrthóirí iarratas a dhéanamh ag www.publicjobs.ie.

Táthar ag iarraidh ar iarrthóirí ionchasacha machnamh a dhéanamh ar na buntáistí a bhaineann le gairm sa Gharda Síochána. Faigheann Gardaí faoi oiliúint Céim Bhaitsiléir Ealaíon i bPóilíneacht Fheidhmeach leibhéal 7 creidiúnaithe ag Ollscoil Luimnigh, agus íoctar €354 in aghaidh na seachtaine leo le linn na 36 seachtainí oiliúna. Cuirtear bia agus lóistín ar fáil saor in aisce agus iad ina gcónaí i gColáiste an Gharda Síochána.

Déantar Gardaí faoi oiliúint a fhianiú tar éis 36 seachtainí agus tosaíonn siad ar thuarastal €37,311 a ardaíonn go hincriminteach. Beidh Gardaí faoi oiliúint ceaptha chun obair ar an bpríomhuainchlár seala (12 uair), rud a mheallann liúntais bhreise, agus beidh deis acu ragobair a dhéanamh chomh maith.

Chuir an Coimisinéir Drew Harris síos ar ghairm leis an nGarda Síochána mar “spreagúil, dúshlánach agus sásúil, agus nach bhfuil cuma dhá lá ar bith mar a chéile.” Mhol an Coimisinéir dóibh siúd atá ag smaoineamh ar ghairm sa Gharda Síochána scrúdú a dhéanamh ar na tairiscintí róil go léir, ó luach saothair agus sochair ghaolmhara, go dtí an éagsúlacht dochreidte a thagann leis an ról.

Dúirt an Coimisinéir: “Iad siúd a n-éiríonn leo sa bhabhta earcaíochta, beidh deis acu oibriú i réimsí mar imscrúdú ar choireacht eagraithe, foréigean teaghlaigh, ord poiblí, cionta calaoise agus drugaí, póilíneacht phobail agus póilíneacht bóithre – gan ach roinnt a lua.

“Ina gcuid oibre ó lá go lá, oibríonn Gardaí ar an líne tosaigh ag comhrac na coireachta, ag tacú le hiospartaigh agus finnéithe, agus ag obair i gcomhpháirtíocht le pobail. Déanann siad difríocht dhearfach, follasach i saol na saoránach.

“Tacaímid le foghlaim ar feadh an tsaoil sa Gharda Síochána agus bíonn deis ann i gcónaí dul chun cinn a dhéanamh laistigh den eagraíocht agus deiseanna ardú céime nó speisialtóireachta.

“Tá sé fíor-thábhachtach go mbeimid ionadaíoch go hiomlán ar na daoine a bhfreastalaímid orthu. Tugann an feachtas earcaíochta seo deis chun níos mó iarratasóirí ó chúlraí éagsúla a tharraingt isteach. Ba mhaith liom achainí go háirithe ar phobail tearcionadaíochta agus freisin ar mhná smaoineamh ar dhul isteach sa Gharda Síochána: is fostóir maith sinn, agus cuirimid obair fhiúntach ar fáil. Má chinntítear go bhfuil baill ó chúlraí éagsúla sa Gharda Síochána, bíonn dearcthaí agus taithí éagsúla á gcur i láthair.”

Níl ach trí seachtainí ag iarratasóirí ar spéis leo iarratas a dhéanamh. Tabhair cuairt ar https://www.publicjobs.ie/ga/garda-faoi-oiliuint chun tuilleadh eolais a fháil agus chun d’iarratas a chur isteach. Ba chóir dóibh siúd atá suim acu i ngairm bheatha leis an nGarda Síochána na sochair bhreise seo a bhaineann leis an mbuntuarastal a chur san áireamh:

– Cuimsíonn an Bunchlár Oiliúna a bhíonn le déanamh ag gach Garda faoi oiliúint Céim Bhaitsiléara Ealaíon Leibhéal 7 sa Phóilíneacht Fheidhmeach, creidiúnaithe ag Ollscoil Luimnigh.

– Gheobhaidh na Gardaí faoi Oiliúint liúntas de €354 in aghaidh na seachtaine ar feadh na 36 seachtainí oiliúna.

– Cuirtear lóistín agus bia ar fáil agus iad ag cur futhú i gColáiste an Gharda Síochána ó Dhomhnach go hAoine.

– Is é an tuarastal tosaigh ná €37,311 agus ardaíonn sé seo go hincriminteach.

– Sannfar Gardaí faoi oiliúint chun oibriú ar an bpríomhuainchlár seala (12 uair), rud a mheallann liúntais bhreise

– Beidh deis ag Gardaí ragobair a dhéanamh a íoctar de réir ráta ama go leith, ach amháin sa chás go n-oibríonn siad ar an Domhnach/lá saoire poiblí, sa chás sin íoctar am dúbailte.

– Ligeann Scéim Pinsin le Mearfhabhrú do chomhaltaí faoi éide sochair phinsin a bhailiú ag ráta níos airde gach bliain.

– Roghanna maidir le hobair solúbtha ar fáil le linn na gairme.

– Fáil ar an Scéim Rogha Dochtúra (clúdaíonn An Garda Síochána an táille comhairliúcháin).

– Fáil ar an Scéim Árachais Sláinte.

– Fáil ar iliomad cumainn agus clubanna an Gharda Síochána.

– Fáil ar Chomhair Chreidmheasa an Gharda Síochána.

Chun an comórtas earcaíochta a chur chun cinn, beidh feachtas poiblíochta ar luach €375,000 (gan CBL san áireamh), faoin líne lipéid “Is Post é gur fiú a dhéanamh” ag dul beo ar an teilifís, i gcló náisiúnta agus áitiúil agus raidió, ar líne, ar na meáin shóisialta, lasmuigh agus sa phictiúrlann, ón lá inniu, 6 Feabhra. Ba iad Core agus Spark Foundry i gcomhar le scannáin H2 in 2023 a léirigh na meáin agus cruthaitheacha don fheachtas fógraíochta.

Ó cuireadh tús le hearcaíocht an Gharda Síochána arís, agus na chéad Gardaí faoi oiliúint tagtha isteach i gColáiste an Gharda Síochána i mí na Nollag 2022, tá tús curtha ag beagnach 1,500 Gardaí faoi Oiliúint lena n-oiliúint. Tá beagnach 1,000 Gardaí faoi oiliúint tar éis a bheith fianaithe mar chomhaltaí den Gharda Síochána, agus tá beagnach 450 Garda faoi oiliúint i mbun a gcuid oiliúna i láthair na huaire.

Déanfar an chéad iontráil eile do Ghardaí faoi oiliúint a fhianú ar an 7 Márta 2025, agus beidh líon nua Gardaí faoi oiliúint ag tosnú i gColáiste an Gharda Síochána ar an 10 Márta 2025.

Gardaí faoi Oiliúint faoin gcúis gur chuaigh siad isteach sa Gharda Síochána

Ag labhairt faoin gcúis go bhfuil fonn uirthi a bheith ina Garda, deir Megan Thynne “mar taithním cabhrú le daoine eile, is post fíor fiúntach é.” Creideann sí freisin go bhfuil gné shóisialta mhaith ag baint leis, “Buaileann tú le go leor daoine éagsúla ó réimsí éagsúla, deir sí. “Is ó chúlra an-spórtúil mé, an-tógtha le hobair foirne agus mar sin creidim go bhfuil an post seo dírithe go mór ar obair foirne.”

Is iar-fear dóiteáin é William Connaughton a d’oibrigh in éineacht leis An nGarda Síochána go minic agus é ag freagairt glaonna éigeandála. Nuair a ardaíodh an teorainn aoise, d’aithin sé go raibh deis iontach ann. “Tá taithí ollmhór saoil agam ón tseirbhís dóiteáin, dúirt sé, agus táim ag súil leis an taithí sin a chur i bhfeidhm ar An nGarda Síochána agus táim ag tnúth le bheith in ann na rudaí ar fad atá foghlamtha sa tseirbhís dóiteáin a chur i bhfeidhm chun cabhrú le mo chomhpháirtithe agus mo chomhghleacaithe ar an mbealach”.

Tar éis dó filleadh ó bheith ina chónaí thar lear i ndiadh na scoile, rinne Craig O’Neill iarratas ar bheith ina Gharda. Deir sé gur theastaigh uaidh i gcónaí dul isteach sa Gharda Síochána. “Bhí an post uaim le aghaidh píosa éagsúlachta agus níor shíl mé go mbeadh post oifige oiriúnach domsa”.

D’oibrigh Jane Blake le hÓglaigh na hÉireann le seacht mbliana anuas, ar seibhís ar feadh tréimhse sa Liobáin. Ag labhairt faoi obair Garda, deir sí, “measaim go bhfuil an post seo an-sásúil agus dúshlánach”.

- Advertisement -

Recent Posts

- Advertisement -
Advertisement
Advertisement