Advertisement
Advertisement

-

Éigse Thomáis Uí Aodha in Miltown Malbay

The sixth annual Irish-language festival, Éigse Thomáis Uí Aodha, will be held by Oidhreacht an Chláir in Miltown Malbay on October 11-12.

It is in memory of Tomás Ó hAodha (1866-1935), a major literary and cultural figure at the time of the Gaelic renaissance and a native of Miltown.

On Friday, October 11 at 8.00pm in Áras OaC (Flag Rd), renowned broadcaster Seán Bán Breathnach will give a talk entitled, 53 bliain ag craoladh: Cumann Lúthchleas Gael mar a bhí agus mar atá, in which he will speak on his remarkable 53-year career as a broadcaster with RTÉ Raidió na Gaeltachta and TG4 and share his thoughts on how the GAA has changed over the years.

- Advertisement -

There will also be an exhibition of the personal archive of Tomás Ó hAodha, donated to Oidhreacht an Chláir by his family.

On Saturday, October 12 from 10.30am to 12.00 noon, also in Áras OaC, there will be a Ceardlann Amhránaíochta (Singing Workshop) by Éamon Ó Donnchadha, three-time winner of Corn Uí Riada, the premier Sean-Nós singing competition.

From 12.15pm to 1.00pm, there will be a visit to the Main St house where Tomás Ó hAodha  was born and the Ennis Rd house where he later lived till he moved to Dublin.

From 3.00pm to 5.30pm, there will be Ceol agus Caint in Friel’s bar, featuring

A Pop-Up Gaeltacht as an opportunity for people to use their Irish in an encouraging and comfortable environment

Songs by Éamon Ó Donnchadha and Tim Dennehy

Music with Joan Hanrahan (fiddle) and Bríd O’Gorman (flute).

All events are free.  Fáilte roimh chách.  Further information from 085-1611443 or from eolas@oac.ie.

The Éigse is funded by a grant from Foras na Gaeilge and from Clare Co. Council under the Clare Local Areas Grant Scheme.

Beidh an séú féile Ghaeilge bhliantúil, Éigse Thomáis Uí Aodha, á reachtáil ag Oidhreacht an Chláir i Sráid na Cathrach ar 11-12 Deireadh Fómhair, i gcuimhne ar Thomás Ó hAodha (1866-1935), duine de mhórphearsain liteartha agus chultúrtha Athbheochan na Gaeilge ag tús an 20ú céad agus arb as Sráid na Cathrach dó.

Dé hAoine, 11 Deireadh Fómhair ag 8.00pm in Áras OaC (Bóthar na Leac), tabharfaidh an craoltóir cáiliúil Seán Bán Breathnach caint, 53 bliain ag craoladh: Cumann Lúthchleas Gael mar a bhí agus mar atá, ina gcuirfidh sé síos ar a shaol íontach mar chraoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta agus TG4 le 53 bliain anuas agus ina roinnfidh sé a chuid smaointe ar na hathruithe atá tagtha ar Chumann Lúthchleas Gael thar na blianta.

Beidh taispeántas speisialta de chartlann phearsanta Thomáis Uí Aodha, a dheonaigh a mhuintir féin d’Oidhreacht an Chláir, ansin freisin.

Dé Sathairn, 12 Deireadh Fómhair ó 10.30am go 12.00 meánlae in Áras OaC, beidh Ceardlann Amhránaíochta le Éamon Ó Donnchadha, a bhfuil Corn Uí Riada buaite faoi thrí aige.

Ó 12.15pm go 1.00pm, tabharfar cuairt ar an teach sa bPríomh-Shráid inar rugadh Tomás Ó hAodha agus ar an teach i mBóthar na hInse ina raibh cónaí air ina dhiaidh sin go dtí gur bhog sé go Baile Átha Cliath.

Ó 3.00pm go 5.30pm, beidh Ceol agus Caint i dteach tábhairne Friel’s, ina mbeidh

Pop-up Gaeltacht, le seans a thabhairt do dhaoine a gcuid Gaeilge a chleachtadh i dtimpeallacht thacúil chompordach

Amhráin le Éamon Ó Donnchadha agus Tim Dennehy

Ceol le Joan Hanrahan (fidil) agus Bríd O’Gorman (fliúit).

 

Tá saorchead isteach chuig na himeachtaí go léir.  Fáilte roimh chách. Tuilleadh eolais ó  085-1611443 nó ó eolas@oac.ie.

 

Tá an Éigse á maoiniú le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge agus ó Chomhairle Contae an Chláir (faoina Scéim Deontas Áitiúil).

 

 

- Advertisement -

Recent Posts

- Advertisement -
Advertisement
Advertisement