The 8th annual Irish-language festival, Éigse Thomáis Uí Aodha, will be held by Oidhreacht an Chláir in Miltown Malbay on October 9-10.
It is in memory of Tomás Ó hAodha (1866-1935), a major literary and cultural figure at the time of the Gaelic renaissance and a native of Miltown Malbay.
On Friday, October 9 at 8.00pm in Áras OaC (Flag Rd, V95 KD98), Irial Mac Murchú will deliver the Éigse lecture, Nemeton agus TG4. Nobody has been more important in television broadcasting in this country over the last 30 years than Irial, founder, owner and CEO of the film production company Nemeton.
By its extraordinary work for TG4 for more than 30 years – through its live high-quality broadcasting of GAA, Ladies’ Football, Rugby, Basketball and other sports and topics – Nemeton has brought the living Irish language into every home in Ireland as a permanent fixture of TV viewing and a trusted vehicle of enjoyment and entertainment. In doing that, it has created a fresh, positive image for Irish across the entire community, young and old.
Irial will speak on the growth of Nemeton and its development into an international company, and on its use of Irish as part of its marketing strategy.
There will also be an exhibition of the personal archive of Tomás Ó hAodha, donated to Oidhreacht an Chláir by his family, as well as of the first Irish-language map of Ireland, produced by him, in association with Pádraig Ó hAichir of Dunsallagh, in 1906.
On Saturday, October 10 from 10.30 am to 12.30 pm, also in Áras OaC, there will be a Ceardlann Amhránaíochta (Singing Workshop) with Máire Ní Choilm, a renowned singer from the Donegal tradition, winner of Corn Uí Riada (the premier Sean-Nós singing competition) in 2019, and winner of numerous other singing awards.
From 12.45 pm to 1.30 pm, there will be a visit to the historic Ennis Rd house where Tomás lived till he moved to Dublin as a teacher.
From 3.30 pm to 6.00 pm, there will be Ceol agus Caint in Friel’s bar, featuring
A Pop-Up Gaeltacht as an opportunity for people to use their Irish in an encouraging and comfortable environment
Songs by Máire Ní Choilm and Tim Dennehy
Music with Damien O’Reilly (accordion) and Caoilfhionn Ní Fhrighil (concertina).
All events are free. Fáilte roimh chách. Further information from 085-1611443 or from eolas@oac.ie.
The Éigse is funded by a grant from Clare Co. Council under the Clare Local Areas Grant Scheme.

Beidh an 8ú féile Ghaeilge bhliantúil, Éigse Thomáis Uí Aodha, á reachtáil ag Oidhreacht an Chláir i Sráid na Cathrach ar 9-10 Deireadh Fómhair, i gcuimhne ar Thomás Ó hAodha (1866-1935), duine de mhórphearsain liteartha agus chultúrtha Athbheochan na Gaeilge ag tús an 20ú céad agus arb as Sráid na Cathrach dó.
Dé hAoine, 9 Deireadh Fómhair ag 8.00pm in Áras OaC (Bóthar na Leac, V95 KD98), tabharfaidh Irial Mac Murchú léacht na hÉigse, Nemeton agus TG4. Níl éinne níos tábhachtaí i gcraoltóireacht theilifíse na tíre seo le 30 bliain anuas ná Irial, bunaitheoir, úinéir agus Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Nemeton, an comhlacht léirithe scannán.
Tríd an obair éachtach atá déanta acu do TG4 le breis agus 30 bliain – lena gcraoladh beo ar ardchaighdeán ar chluichí Chumann Lúthchleas Gael, ar Pheil na mBan, ar an Rugbaí, ar an gCispheil agus ar spóirt agus ábhair eile – tá éirithe le Nemeton an Ghaeilge bheo a thabhairt isteach i ngach teach in Éirinn mar ghné bhuan ag lucht féachana na teilifíse agus mar ardán iontaofa pléisiúir agus siamsaíochta. Tríd sin, tá íomhá úr dhearfach cruthaithe acu don Ghaeilge sa phobal uilig idir óg agus shean.
Labhróidh Irial ar fhás Nemeton agus ar a fhorbairt ina chomhlacht idirnáisiúnta, agus freisin ar a straitéis maidir le leas a bhaint as an nGaeilge sa mhargaíocht.
Beidh taispeántas speisialta de chartlann phearsanta Thomáis Uí Aodha, cartlann a dheonaigh a mhuintir féin d’Oidhreacht an Chláir, ansin freisin, chomh maith leis an gcéad léarscáil Ghaeilge d’Éirinn riamh, a rinne Tomás, i gcomhar le Pádraig Ó hAichir ó Dhún Saileach i 1906.
Dé Sathairn, 10 Deireadh Fómhair ó 10.30 am go 12.30 pm in Áras OaC, beidh Ceardlann Amhránaíochta le Máire Ní Choilm, amhránaí cáiliúil i dtraidisiún Thír Chonaill. Bhuaigh Máire Corn Uí Riada i 2019 agus go leor duaiseanna amhránaíochta eile.
Ó 12.45 pm go 1.30 pm, tabharfar cuairt ar an teach stairiúil i mBóthar na hInse ina raibh cónaí ar Thomás go dtí gur bhog sé go Baile Átha Cliath mar mhúinteoir.
Ó 3.30 pm go 6.00 pm, beidh Ceol agus Caint i dteach tábhairne Friel’s, ina mbeidh
Pop-up Gaeltacht, le seans a thabhairt do dhaoine a gcuid Gaeilge a chleachtadh i dtimpeallacht thacúil chompordach
Amhráin le Máire Ní Choilm agus Tim Dennehy
Ceol le Damien O’Reilly (bosca ceoil) agus Caoilfhionn Ní Fhrighil (consairtín).
Tá saorchead isteach chuig na himeachtaí go léir. Fáilte roimh chách. Tuilleadh eolais ó 085-1611443 nó ó eolas@oac.ie
Tá an Éigse á maoiniú le tacaíocht ó Chomhairle Contae an Chláir (faoina Scéim Deontas Áitiúil).